Na Dánta

Géibheann – Le Caitlín Maude

Ainmhí mé
ainmhí allta
as na teochreasa
a bhfuil cliú agus cáil
ar mo scéimh
chroithfinn crainnte na coille
tráth
le mo gháir
ach anois
luím síos
agus breathnaím trí leathshúil
ar an gcrann aonraic sin thall
tagann na céadta daoine
chuile lá
a dhéanfadh rud ar bith
dom
ach mé a ligean amach

Colscaradh – le Pádraig Mac Suibhne

Shantaigh sé bean

I nead a chine

Faoiseamh is gean

Ar leac a thine

aiteas is greann

I dtógáil chlainne

Shantaigh sí fear

Is taobh den bhríste

Dídean is searc

Is leath den chíste

Saoire thar Lear

Is meas na mílte

Thángthas ar réiteach

Scaradar

Mo ghrá-sa (idir lúibíní) – Le Nuala Ní Dhomhaill

Nil mo ghrá-sa

Mar bhláth na n-airní
Ar bhíonn i ngairdín
(nó ar chrann ar bith)

is má tá  aon ghaol aige
le nóiníní
is as a chluasa a fhásfaidh siad
(nuair a bheidh sé ocht dtroigh síos)

ní haon ghlaise cheolmhar
iad a shúile
(táid róchóngarach dá chéile
ar an gcéad dul síos)

is más slim é síoda
tá ribí a ghruaige
(mar bhean dhubh Shakespeare)
ina _wire_ deilgní.

Ach is cuma sin.
Tugann sé dom
Úlla
(is nuair a bhíonn sé i ndea-ghiúmar
caora finiúna).

An tEarrach Thiar – Le Máirtín Ó Direáin

Fear ag glanadh cré
De ghimseán spáide
Sa gciúnas shéimh
I mbrothall lae:
Binn am fhuaim
San Earrach thiar.

Fear ag caith eamh
Cliabh dhá dhroim,
Is an fheamainn dhearg
Ag lonrú
I dtaitneamh gréine
Ar dhuirling bháin.
Niamhrach an radharc
San Earrach thiar.

Mná i locháin
In íochtar diaidh-thrá,
A gcótaí craptha,
Scáilí thíos fúthu:
Támh-radharc síothach
San Earrach thiar.

Toll-bhuillí fanna
Ag maidí rámha
Currach lán éisc
Ag teacht chun cladaigh
Ar ór-mhuir mhall
I ndeireadh lae;
San Earrach thiar

Like this article?