Daly Dose of Gaeilge on Spotify and iTunes
Breoite ar Scoil
Teideal na sraithe seo ná “Breoite ar Scoil”
Leagtar síos bunchloch an scéil sa chéad phictiúr leis na cailíní ag damhsa
Is dócha gur chuaigh Síle agus Máire amach i gcomhair na hoíche.
Bhí breithlá Shíle á cheiliúradh acu agus bhí oíche iontach acu lena gcairde.
Chuaigh siad go club oíche agus bhí oíche den scoth acu.
Ina dhiaidh sin bhíodar stiúgtha leis an ocras.
Shiúil siad chuig an mbialann ghasta áitiúil agus d’ith siad burgar agus sceallóga.
Forbraítear an scéal sa tarna pictiúr
An mhaidin dár gcionn bhuail clog Shíle ag a seacht a chlog.
Baineadh geit aisti nuair a dhúisigh sí.
Bhí sí tuirseach, traochta, tnáite.
Ní raibh fonn uirthi éirí.
Ghlaoigh sí ar a mam agus d’inis sí di go raibh sí caite amach.
Bhí aiféala uirthi go ndeachaigh sí amach.
Tá dhá chuid de phictiúr a trí.
Sa chéad leath b’éigean dí éirí agus í féin a ullmhú don scoil.
Ní raibh aon trua ag a máthair di agus dúirt sí le Síle go gcaithfeadh sí dul ar scoil.
Ní mó ná sásta a bhí Síle.
Sa tarna leath, thug sí aghaidh ar stad an bhus go drogallach.
Bhí sé ag stealladh báistí agus bhí Síle fliuch go craiceann ag feitheamh ar an mbus scoile.
Ní raibh Síle ar fónamh, tá cuma uafásach uirthi sa phictiúr.
Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh sa cheathrú pictiúr
Is léir go raibh Síle fliuch báite nuair a shroich sí an scoil.
Bhí dearmad glan déanta aici ar an scrúdú tíreolais.
Feictear na cailíní eile sa rang gnóthach ag déanamh an scrúdú tíreolais ach níor bhraith Síle rómhaith.
Mhothaigh sí an-tinn, ní raibh sí in ann an scrúdú a chríochnú.
Bhí sí in umar na haimléise.
Feictear i bpictiúr a 5 gur shroich Síle deireadh na feide tar éis fiche nóiméad.
Bhí fonn múisce ag teacht uirthi agus d’iarr sí ar an múinteoir an bhféadfadh sí dul amach.
Thug an múinteoir faoi deara go raibh Síle breoite agus thug sé cead di an seomra a fhágáil.
Theastaigh uaithi dul abhaile.
Chuaigh sí go hoifig an phríomhoide le cead a lorg glaoch abhaile.
Nuair a chuaigh sí isteach d’inis sí don phríomhoide gur bhraith sí an-lag agus go raibh pian uafásach ina bolg aici.
Is dócha go raibh cuma ana-thinn uirthi mar chuir an príomhoide glao ar an dochtúir áitiúil.
Críochnaíonn an scéal ar nóta brónach
Bhí an príomhoide chomh buartha sin faoi Shíle gur tháinig an dochtúir go dtí an scoil.
Rinne an dochtúir í a scrúdú go mion.
D’inis Síle dó gur ith sí burgar agus sceallóga sa bhialann ghasta bhí sé den tuairim go bhfuair sí nimhiú bia.
Moladh do Shíle imeacht abhaile agus a scíth a ligean.
Dúirt an dochtúir go dtiocfadh sí chuici féin laistigh de chúpla lá.
D’fhoghlaim Síle ceacht an lá sin. “Is í an chiall cheannaithe an chiall is fear” mar a deirtear.
Ábhar:An Bhliain seo Chugainn



