Teidil na sraithe seo ná: Comhoibriú an Phobail
1. Leagtar síos bunchlocha a scéil sa chéad phictiúr nuair a shiúil Roisín agus Úna síos príomhshráid an bhaile. Is léir go raibh an áit chomh salach le cró muice. Chuir sé déistin orthu. Níorbh aon iontas ar na cailíní nach raibh duine ná deoraí le feiceáil ar an sráid. Bheartaigh siad ar rud éigin a dhéanamh faoi.
2. Forbraítear an scéal sa dara pictiúr nuair a d’eagraigh na cailíní cruinniú poiblí chun comhairle a fháil ón bpobal. D’fhreastail ana-chuid de mhuintir na háite ar an gcruinniú. Bhí an seomra dubh le daoine. Dúirt Róisín go gcaithfeadh siad rud éigin a dhéanamh faoi thimpeallacht an bhaile. Tháinig go leor moltaí ón slua.
3. Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh i bpictiúr a trí agus eagraíodh lá glantacháin an Satharn ina dhiaidh sin. Rinne gach duine obair na gcapall ó dhubh go dubh. Ní bhíonn bua gan dua mar a deirtear. Ag deireadh an lae bhí an tsráid glan agus deas néata. Bhí muintir na háite an-bhródúil as an obair a bhí déanta acu.
4. Tá dhá chuid de phictiúr a ceathair. Tamaill ina dhiaidh sin rinne siad cinneadh tuilleadh imeachtaí a eagrú ar mhaithe leis an bpobal. Sa chéad leath den bpictiúr eagraíodh oíche cheoil do sheanóirí an bhaile. Is léir gur bhain siad an-sult as. Sa dara leath d’eagraigh na Gardaí Síochána oíche eolais faoi chúrsaí slándála. Is dócha gur chabhraigh sin le fadhb na coiriúlachta a fheabhasú.
5. Tá trí chuid de phictiúr a cúig mar tosaíodh ranganna oíche sa scoil áitiúil. D’fhreastail go leor daoine ar na ranganna sin. Thaitin na ranganna cócaireachta go mór le daoine. d’Fhreastal an-chuid daoine ar na ranganna ríomhaireachta agus garraíodóireachta chomh maith. Bhain siad idir taineamh agus tairbhe as na ranganna.
6. Críochnaíonn an scéal ar nóta áthasach. Tugadh aitheantas faoi leith don bhaile i gcomórtas na mBailte Slachtmhara. Dúirt na moltóirí gurbh iad an baile ba mhó feabhas. Bronnadh seic €2,500 ar Róisín agus Úna. Bhí siad an-bhródúil as an méid a bhí bainte amach ag an mbaile. “Ní neart go cur le chéile”.

Freagra samplach: An scannán is fearr liom
Gan amhras ar bith, is é Mean Girls an scannán is fearr liom. Is scannán grinn é agus tá sé an-ghreannmhar. Tá sé suite i meánscoil sna Stáit Aontaithe. Bogann cailín nua go dtí an scoil agus tosnaíonn go leor eachtraí drámata agus greannmhara. Scríobh an bhean cháiliúil Tina Fay an scannán agus is í Lindsey Lohan réalt an scannáin.
Fragra samplach: An t-aisteoir is fearr liom
Gan dabht ar bith, is é Bradley Cooper an t-aisteoir is fearr liom. Is as na Stáit Aontaithe é agus bhí páirt aige in an-chuid scannáin. Mar aon le bheith an-dathúil, tá sé fíor thallannach, is féidir leis go leor carachtair dhifriúla a dhéanamh. Bhí príomhról aige sa scannán grinn The Hangover chomh maith leis an gceoldráma grá A Star is Born.
Freagra samplach: Scannán a chonaic mé
Chonaic mé scannán nua Jennifer Lawrence le déanaí, creid é nó ná creid, bhuaigh mé dhá thicéad i gcomórtas ar an raidió. Thug mé cuireadh do mo chara Seán agus dúirt sé gur bhreá leis dul ann. Cheannaíomar grán rósta agus Coca-Cola ann agus d’fhéachamar ar an scannán. Bhí sé thar barr. Is aisteoir iontach í Jennifer Lawrence. Tar éis an scannáin, thug mo Mham síob abhaile dúinn. Bhain mé an-taitneamh as an oíche.