Clár 8 2022

Comhoibriú an Phobail  

Teideal na sraithe seo ná “Comhoibriú an Phobail”. Tá sé bunaithe ar an téama gur den fhíorthábhacht é go mbeadh daoine sásta comhoibriú le chéile chun aire a thabhairt don timpeallacht. Leagtar síos bunchlocha an scéil sa chéad phictiúr leis an dochar a rinne bruscar i mbailte móra na tíre le feiceáil go soiléir. Feictear buidéil, cannaí agus páipéir i ngach áit. Bhí beirt bhan ag féachaint, agus aiféala orthu, ar an radharc os a gcomhair agus d’aontaigh siad go raibh sé déistineach agus go gcaitheadh feabhas a chur ar chúrsaí.

Forbraítear an scéal sa tarna pictiúr agus bhailigh muintir na háite le chéile. Bhí cruinniú mór de Chomhairle an Phobail ar siúl sa halla. Is léir gur theastaigh ó dhaoine rud éigin a dhéanamh faoin bhfadhb. Sheas duine amháin suas agus mhínigh sí go soiléir go raibh an timpeallacht tábhachtach. D’aontaigh gach duine leis an mbean go raibh sé an-tábhachtach an ceantar a choimeád glan. Duirt duine eile go raibh gá le glantachán mór. Bhí súil acu freisin feabhas a chur ar chaighdeán an tsaoil shóisialta sa cheantar.

Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh i bpictiúr a 3. An lá ina dhiaidh sin thosaigh muintir na háite ag glanadh an cheantair. Bhí déagóirí le feiceáil le lámhaínní orthu agus bailitheoirí bruscair acu. D’oibrigh siad le chéile agus ní raibh an obair róchrua dóibh. Is fíor don seanfhocal a thugann le fios nuair a bhíonn daoine ag obair le chéile bíonn siad láidir, “ní neart go cur le chéile”. Tá sé soiléir ón bpictiúr go raibh cruth i bhfad níos fearr ar an bpríomhshráid ansin.

Tá dhá chuid de phictiúr a 4 agus feictear rudaí eile a bhí ar siúl ag muintir na háite ansin ann. Sa chéad leath den phictiúr tá seanóirí le feiceáil ag seisiún ceoil. Bhí bean i mbun amhránaíochta dóibh. Sa tarna leath bhí cruinniú poiblí faoi chúrsaí slándála eagraithe ag na gardaí don phobal i gcoitinne , bhí sé i gceist ag an bpobal an scéim ‘Pobal ar Aire’ a thosú. D’inis sé dóibh gur chóir dóibh a bheith aireach i gcónaí. Is léir go raibh slándáil an-tábhachtach sa lá atá inniu ann.

Is léir ó phictiúr a 5 gur chuir Comhairle an Phobail ranganna ar siúl. Sa phictiúr seo tá iliomad imeachtaí ar siúl, ranganna oíche sa gharraíodóireacht le plandaí, scileanna ríomhaireachta, cócaireacht sa chistin. Cinnte, bhí meon dearfach i leith an cheantair ag daonra na háite. Is fíor go raibh borradh faoi na ranganna oíche. Ghlac a lán daoine páirt sna ranganna éagsúla agus ba léir gur tháinig feabhas mór ar an spiorad pobail sa cheantar.

Críochnaíonn an scéal ar nóta áthasach. Ar deireadh thiar thall, bhuaigh an baile seo an duais mhór agus an gradam mór, an baile beag is mó feabhais i gComórtas na mBailte Slachtmhara. Bhí lúcháir ar mhuintir na háite. Feictear na moltóirí, fear agus bean, agus iad ag bronnadh seic dhá mhíle cúig chéad euro agus corn. d’Fhógraigh moltóir amháin gur bhuaigh an áit seo an baile beag is mó feabhais. Bhí áthas an domhain ar gach duine sa bhaile. “Ní bhíonn bua gan dua” mar a deirtear agus is fíor é sa chás seo.

Ábhar: Caitheamh aimsire – Scannáin

  • Taitníonn scannáin aicsin go mór liom. Is aoibhinn liom tinte ealaíne, pléasctha, tóraíocht cairr agus rudaí eile mar sin.
  • Is aoibhinn liom scannáin fhantaisíochta. Taitníonn scannáin cosúil le Harry Potter go mór liom. Ba bhreá liom dul go Hogwarts!
  • Taitníonn scannáin ficsean eolaíochta go mór liom. Tá an-chuid póstaer Star Wars agam i mo sheomra.
  • Téim go dtí an phictiúrlann ó am go ham/gach seachtain/gach mí
  • Téim le mo chairde/mo chlann/mo thuistí

Freagra samplach: An scannán is fearr liom

Gan amhras ar bith, is é Mean Girls an scannán is fearr liom. Is scannán grinn é agus tá sé an-ghreannmhar. Tá sé suite i meánscoil sna Stáit Aontaithe. Bogann cailín nua go dtí an scoil agus tosnaíonn go leor eachtraí drámata agus greannmhara. Scríobh an bhean cháiliúil Tina Fay an scannán agus is í Lindsey Lohan réalt an scannáin.

Fragra samplach: An t-aisteoir is fearr liom

Gan dabht ar bith, is é Bradley Cooper an t-aisteoir is fearr liom. Is as na Stáit Aontaithe é agus bhí páirt aige in an-chuid scannáin. Mar aon le bheith an-dathúil, tá sé fíor thallannach, is féidir leis go leor carachtair dhifriúla a dhéanamh. Bhí príomhról aige sa scannán grinn The Hangover chomh maith leis an gceoldráma grá A Star is Born.

Freagra samplach: Scannán a chonaic mé

Chonaic mé scannán nua Jennifer Lawrence le déanaí, creid é nó ná creid, bhuaigh mé dhá thicéad i gcomórtas ar an raidió. Thug mé cuireadh do mo chara Seán agus dúirt sé gur bhreá leis dul ann. Cheannaíomar grán rósta agus Coca-Cola ann agus d’fhéachamar ar an scannán. Bhí sé thar barr. Is aisteoir iontach í Jennifer Lawrence. Tar éis an scannáin, thug mo Mham síob abhaile dúinn. Bhain mé an-taitneamh as an oíche.

Obair dhian: torthaí maithe san Ardteistiméireacht

Leagtar síos bunchlocha an scéil sa chéad phictiúr nuair a chuaigh Máire chun cainte leis an ngairmthreoraí. Mhínigh sí dó go raibh spéis aici cúrsa ceimice a dhéanamh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Chuir sé comhairle a leasa uirthi. Dúirt an gairmthreoraí go raibh ceithre chéad pointe CAO ag teastáil uaithi agus go gcaitheadh sí go leor oibre a dhéanamh. Rinne Máire cinneadh obair dhian a dhéanamh.“Tús maith leath na hoibre” mar a deirtear

Cúpla lá ina dhiaidh sin bhí Máire agus a cara Áine i gclós na scoile ar a mbealach abhaile ón scoil. Is léir go raibh buachaillí ag imirt cispheile sa chúlra. Chuir Áine ceist uirthi teacht chuig dioscó in éineacht léi an oiche sin. Bhí fonn ar Mháire imeacht ach dúirt sí go raibh go leor obair bhaile le déanamh aici. Is léir gur chailín an-chiallmhar í Máire.

Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh i bpictiúr a trí nuair a fuair Máire glao ó bhuachaill. Thug Micheál cuireadh di teacht chuig an bpictiúrlann leis. Scannán den chéad scoth a bhí ann, dar leis, agus bhí sé ar siúl ag a hocht a chlog sa Savoy. Bhí Máire idir dhá chomhairle. Ghabh sí leithscéal leis agus dúirt sí go raibh aiste le scríobh aici. Micheál bocht!

Tá dhá chuid de phictiúr a ceathair. Sa chéad leath bhí Máire ag staidéar go dian ina seomra. Feicimid go raibh a lán leabhar scaipthe timpeall uirthi ar an mbord. D’oibrigh sí go dian dícheallach i gcónaí. Sa dara leath, bhí a tuismitheroirí ag caint sa chistin d’éirigh a hathair buartha fúithi ach dúirt an mháthair gur scoláire den chéad scoth í agus go mbeadh sí ceart go leor. Ní raibh ach cúpla mí fágtha agus idir an dá linn bheadh sí in ann a scíth a ligean ag na deirí seachtaine.

Sroichtear buaicphointe an scéil i bpictiúr a cúig nuair a tháinig torthaí na hardteiste amach. Is léir ón bpictiúr seo go raibh gach duine sona sásta. Fuair Máire ceithre chéad caoga pointe. Bhí áthas an domhain uirthi. Dúirt a cara go raibh na torthaí iontacha tuillte go maith aici toisc gur oibrigh sí go crua. Cheap a mam go raibh a cuid torthaí go hiontach ar fad.

Críochnaíonn an scéal ar nóta áthasach. Ag deireadh an tsamhraidh, thug Máire aghaidh ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bhí sí chun clárú do chúrsa eolaíochta. Bhí áthas uirthi gur oibrigh sí chomh crua sin. “Ní bhíonn bua gan dua” mar a deirtear agus is fíor é sin sa chás seo.

Like this article?