Clár 7

Daly Dose of Gaeilge ar Spotify agus iTunes

An tSraith Pictiúr:Obair dhian: torthaí maithe san Ardteistiméireacht

1. Teidil na sraithe seo ná Obair Dhian: Torthaí Maithe san Ardteist

Leagtar síos bunchlocha an scéil sa chéad phictiúr nuair a chuaigh Úna chun cainte leis an ngairmthreoraí. Dúirt sí go raibh spéis aici cúrsa ceimice a dhéanamh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. D’inis an gairmthreoraí di go raibh ceithre chéad pointe CAO ag teastáil. Labhair siad faoin mbreis oibre atá le déanamh dá dteastódh uaithi an cúrsa sin a fháil. Chuir sé comhairle a leasa uirthi.

2. Forbraítear an scéal sa dara pictiúr nuair a rinne Úna cinneadh obair na gcapall a dhéanamh. Cúpla lá ina dhiaidh sin chuir a cara Roisín ceist uirthi teacht chuig dioscó in éineacht léi. Cé go raibh fonn ar Úna dul amach lena cáirde, dúirt sí nach bhféadfadh sí mar go raibh go leor obair bhaile le déanamh aici. Feictear buachaillí ag imirt cispheile sa chúlra.

3. Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh i bpictiúr a trí. Tamaill ina dhiaidh sin thug buachaill deas, Liam, cuireadh d’Úna teacht chuig an bpictiúrlann leis.Scannán den chéad scoth ba ea é, dar leis,agus bhí sé ar siúl ag a hocht a chlog sa Savoy.Is léir go raibh Úna idir dhá chomhairle faoi sin ach chinn sí leanúint leis an obair. D’oibrigh sí go dian dícheallach siar amach san oíche.

4.Tá dhá chuid de phictiúr a ceathair. Sa chéad leath tá Úna ina seomra ag obair go dian. Tar éis tamaill d’éirigh a hathair buartha fúithi agus sa dara leath tá tuismitheoirí Úna ag caint sa chistin. Dúirt an mháthair gur scoláire den chéad scoth í agus go mbeadh sí ceart go leor. Ní raibh ach cúpla mí fágtha agus idir an dá linn bheadh sí in ann a scíth a ligean ag na deirí seachtaine. “Ní bhíonn bua gan dua” mar a deirtear.

5. Sroichtear buaicphointe an scéil i bpictiúr a cúig nuair a tháinig na torthaí Ardteiste amach. Fuair Úna ceithre chéad caoga pointe. Bhí áthas an domhain uirthi. Thréaslaigh a cairde agus a tuismitheoirí a gaisce léi. Dúirt siad go raibh luach a cuid saothair faighte aici.

6. Críochnaíonn an scéal ar nóta áthasach mar ag deireadh an tsamhraidh thug Úna aghaidh ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bhí sí ag tabhairt faoi chúrsa eolaíochta. Deireadh ré agus tosach ré ba ea é. Bhí sí ar mhuin na muice. “Mol an óige agus tiocfaidh sí”

Like this article?