Na déagóirí cróga
Leagtar síos bunchlocha an scéil sa chéad phictiúr le Liam ina chodladh go sámh sa leaba. Is léir go raibh sé ag stealladh báistí i rith na hoíche. Bhí gálaí gaoithe ann freisin. Dhúisigh sé ag breacadh an lae. Bhí an bháisteach ag clagarnach ar an bhfuinneog. Feictear tuilte taobh amuigh.
Forbraítear an scéal i bpictiúr a dó. Chuaigh Liam síos staighre agus ba bheag nár thit sé i laige nuair a chonaic sé go raibh an teach faoi uisce. Tháinig crith cos agus lámh air. Ní raibh a fhios aige ó thalamh an domhain céard a dhéanfadh sé.
Bhí Liam bocht i gcruachás ceart.
Leanann eachraí an scéil i bpictiúr a trí. Rith Liam go dtí an fhuinneog ar luas lasrach. Chonaic sé beirt déagóirí, Róisín agus Eoghan, ina suí ar an mballa. Thosaigh sé ag béicíl orthu in ard a chinn is a ghutha. Bhí an tuile chomh hard sin nach raibh sé in ann an doras a oscailt.
Sroichtear buaicphointe an scéil i bpictiúr a ceathair. Ghlac Róisín agus Eoghan trua don seanfhear bocht. Chuaigh Eoghan i gcabhair air gan mhoill. Bhí sé fliuch báite ach ba chuma leis. Dúirt sé le Liam go gcabhródh siad leis agus gan a bheith buartha.
Ghlaoigh Róisín ar na seirbhísí éigeandála agus d’impigh sí orthu teacht go tapa.
Sa phictiúr seo, i bpreabadh na súl bhí na fir dhóiteáin ar an láthair. Thug siad lámh chúnta do Liam teacht amach an fhuinneog. Bhí eagla an domhain ar an bhfear bocht ach bhí sé buíoch go raibh sé éalaithe ón teach. Tugadh Liam go dtí an t-ospidéal.
Críochnaíonn an scéal ar nóta áthasach. Níorbh fhada go raibh Liam tagtha chuige féin. Bhí sé suite sa leaba ar a sháimhín só nuair a tháinig Róisín agus Eoghan ar cuairt chuige. Ghabh sé buíochas leo as an gcabhair ar fad a thug siad dó. Dúirt siad leis go mbeadh sé sa bhaile sula i bhfad. Bhí sé ag tnúth le dul abhaile. Mol an óige agus tiocfaidh sí mar a deirtear agus is fíor é sin sa chás seo.
Ábhar: Caitheamh Aimsire – Teilifís
Is maith/breá/aoibhinn liom a bheith ag féachaint ar an teilifís
Bím ag féachaint ar an teilifís gach oíche/ag an deireadh seachtaine
Caithim dhá uair/trí huaire/ ana-chuid ama os comhair na teilifíse gach lá
Tá cuntas Netflix agam chomh maith
Is áis iontach é sin dar liom
Is féidir liom na cláir is fearr liom a fheiceáil ag aon am
Chomh maith leis sin níl sé róchostasach
Is é Friends an clár teilifíse is fearr liom
Is clár grinn é
Tá sé suite i Nua Eabhrac
Is í Monica an phearsa is fearr liom
Is cócaire í agus tá sí pósta le carachtar eile
Freagra samplach: Ag féachaint ar an teilifís
Is aoibhinn liomsa a bheith ag féachaint ar an teilifís, ach, bím an-ghnóthach I rith na seachtaine le hobair scoile agus ní fhéachaim ar an teilifís mar ní bhíonn an t-am agam. Ag an deireadh seachtaine áfach, caithim tamall sa seomra suí le mo dheirfiúr os comhair na teilifíse. Is breá linn cláir cheoil agus cláir spóirt. Tá cuntas Netflix againn chomh maith agus is féidir linn é sin a úsáid ar an teilifís cliste nó ar an ipad.
Freagra samplach: An clár teilifíse is fearr liom
An clár teilifíse is fearr liom ná Saol an Mhadra Bháin. Is sraith ar leith í Saol an Mhadra Bháin ina dtugtar léargas ar an leas a bhaintear as madraí oibre in Éirinn. d’fhoghlaim mé ana-chuid faoin ngaol speisialta a fhásann idir na madraí agus úinéirí. Insítear scéal na bhfear, ban agus páistí in Éirinn a bhfuil a gcaighdeán saoil feabhsaithe ag na madraí seo. Bhí cuid den chlár suite anseo i gCorcaigh agus bhí sé thar a bheith suimiúil.
Freagra samplach: TG4
Is aoibhinn liom a bheith ag féachaint ar TG4 tar éis dom mo chuid obair bhaile a chríochnú. Taitníonn na cláir spóirt agus ceoil go mór liom. Chomh maith leis sin is breá liom an clár Naíonáin an Zú. Tá sé suite sa zú i mBeirlín agus déanann an clár cur síos ar na hainmhithe is óige ann. Is clár iontach é agus is minic a chuireann ár múinteoir an clár ar siúl sa rang.
Filleann an fón
Leagtar síos bunchlocha an scéil sa chéad phictiúr nuair a chuaigh na déagóirí chuig bialann Iodálach. Chuir an freastalaí fáilte ghroíúil rompu agus threoraigh sé chuig bord iad. Tá an-cháil ar an mbialann seo, Pasta Blasta, agus bhí an ceathrar acu ag súil go mór leis an mbéile.
Forbraítear an scéal i bpictiúr a dó agus bhreathnaigh siad ar an mbiachlár agus cuireadh uisce lena bhfiacla. Pasta na Róimhe ba ea an sladmhargadh don deireadh seachtaine. Nuair a bhí siad ag breathnú ar an mbiachlár, go tobann thug Liam faoi deara go raibh fón ar an urlár. Caithfidh sé go raibh sé caillte ag duine éigin.
Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh i bpictiúr a trí. Chuaigh sé chomh fada leis an bhfreastalaí agus mhínigh sé an scéal dó. Ghabh an freastalaí buíochas le Liam agus dúirt sé go gcoinneodh sé an fón don té ar leis é. Bhí Liam bródúil as féin mar go raibh an rud ceart déanta aige.
Tá dhá chuid de phictiúr a ceathair. Sa chéad leath feictear go raibh píotsa agus pasta acu. Bhí Coke agus uisce acu le hól. Cheap siad go raibh sé an-bhlasta agus réasúnta ó thaobh an phraghais. Sa dara leath, ag an am céanna, bhí fear tar éis a thabhairt faoi deara go raibh a fhón caillte aige agus d’fhill sé ar an mbialann.
Sroichtear buaicphointe an scéil i bpictiúr a cúig, lig sé osna faoisimh as nuair a dúirt an freastalaí go raibh an fón aige. Chuaigh sé thall chuig Liam le buíochas ó chroí a ghabháil leis. Dúirt sé go raibh an fón an-tábhachtach dá chuid oibre agus go mbeadh sé i bponc ceart gan é.
Críochnaíonn an scéal ar nóta áthasach. Bhí an fear chomh buíoch sin gur thóg sé nóta €20 as a phóca agus d’ordaigh sé milseog don cheathrar. D’ith siad go léir milseog bhlasta d’uachtar reoite. Mol an óige agus tiocfaidh sí mar a deirtear agus is fíor é sin sa chás seo.