Clár 6

6.An Ghaeilge – Seoid Luachmhar agus Cuid dár gCultúr

1. Teideal na sraithe seo ná “An Ghaeilge – Seoid Luachmhar agus Cuid dár gCultúr”.  Leagtar síos bunchlocha an scéil sa chéad phictiúr le Liam agus Roisín ag siúl timpeall an bhaile. Thug siad faoi deara go raibh go leor Gaeilge le feiceáil i bhfógraí na siopaí. Feictear na comharthaí Gaeilge, ‘Siopa Ceoil’ agus ‘Sladmhargadh na Cásca’ sa phictiúr. Bhí siad an-tógtha leis seo. Bhí áthas orthu an Ghaeilge a fheiceáil agus cheap siad go raibh dualgas orthu féin an Ghaeilge a chur chun cinn.

2.  Forbraítear an scéal sa dara phictiúr. An lá ina dhiaidh sin, bhuail siad lena chéile i dteach Liam. d’Eagraigh na déagóirí turas deireadh seachtaine chun na Gaeltachta. Chuir siad an t-eolas go léir faoin turas suas ar Facebook. Bhí siad den tuairim go ndéanfadh turas go dtí an Ghaeltacht an-mhaitheas d’fhoghlaimeoirí na teanga. Bhí siad an-sásta leo féin.

3. Tá trí chuid de phictiúr a trí. Chuir go leor daoine spéis sa turas agus níorbh fhada go raibh gach duine ag caint faoi. Sa chéad chuid den phictiúr bhí na daltaí ag caint agus ag comhrá, bhíodh ranganna acu ar maidin sa Ghaeltacht. Sa dara chuid is léir go raibh céilí ar siúl agus bhí na déagóirí go léir ag damhsa le chéile. Agus ar ndóigh sa tríú chuid den phictiúr bhí na daoine óga ar an trá ag imirt eitpheile agus bhí an ghrian ag taitneamh sa spéir. Tá sé soiléir go raibh siad ag baint an-spraoi as an turas chun na Gaeltachta.

4. Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh i bpictiúr a ceathair nuair a bhí na déagóirí thar nais ar scoil. Ghlac daltaí páirt i gCiorcal Comhrá sa Ghaeilge sa scoil ag am lóin. Tá an chuma ar an scéal go raibh siad ag baint an-sult as. Bhí tionchar mór ag an obair a bhí ar siúl ag Roisín agus Liam. Bhí feabhas mór tagha ar chaighdeán Gaeilge na scoláirí.

5. Tá dhá chuid de phictiúr a cúig chomh maith. Sa chéad leath tá cailín ag éisteacht leis an raidió. Spreag Róisín agus Liam a gcairde go léir éisteacht le Raidió na Gaeltachta ar a gcuid iFón agus féachaint ar TG4. Sa dara leath tá TG4 ar siúl ar an teilifís. Cé nár thuig na déagóirí gach focal, bhain siad taitneamh as na cláracha, na cinn cheoil go háirithe. Bhí dul chun cinn mór á dhéanamh acu an Ghaeilge a chur chun cinn, gan aon agó.

6. Críochnaíonn an scéal ar nóta áthasach. Thug na múinteoirí Gaeilge sa scoil faoi deara go raibh an-iarracht déanta ag Liam agus Róisín an Ghaeilge a chur chun cinn. Ag deireadh na scoilbhliana bronnadh duais orthu as a n-iarrachtaí. Mhol an príomhoide iad go hard na spéire. Bhí na déagóirí an-bhródúil astu féin. Bhí éacht mór curtha i gcríoch acu agus bhí siad le moladh as a gcuid oibre. “Mol an óige agus tiocfaidh sí” mar a deirtear.

Ábhar: Caitheamh aimsire – Ceol

  • An bhfuil suim agat sa cheol?

Tá an- suim agam sa cheol / Níl aon suim agam sa cheol

Is aoibhinn liom a bheith ag éisteacht le ceol.

  • An seinneann tú uirlis cheoil?

Seinnim an piano agus an guitar / Ní sheinnim aon uirlis cheoil

  • Cé hé/hí an ceoltóir/grúpa is fearr leat?

Is é Ed Sheeran an ceoltóir is fearr liom

Is í Beyonce an ceoltóir is fearr liom.

Is brae liom The Script

Is aoibhinn liom The 1975

Freagra samplach: An grúpa ceoil is fearr liom.

Is iad One Direction an grúpa ceoil is fearr liomsa. Bhí an grúpa curtha le chéile don chomórtas teilifíse The X Factor nach mór deich mbliana ó shin anois. Níor bhuaigh siad an comórtas ach fós bhí an-rath ortha tar éis é sin. An gcreidfeá go bhfuil lucht leanúna níos mó acu ar twitter ná aon ghrúpa eile ar domhan. Is iad na hamhráin “Up All Night” agus “Perfect” na cinn is fearr liomsa. Is breá liom an grúpa sin gan amhras ar bith.

Freagra Samplach: Ceolchoirm a chonaic mé

D’fhreastail mé ar cheolchoirm Ed Sheeran le déanaí. Bhí sé ar siúl i bPáirc Uí Chaoimh. Thug mo thuismitheoirí dhá thicéad dom do mo bhreithlá. D’iarr mé ar mo chara Siobhán teacht in éineacht liom. Thosaigh an cheolchoirm ar a hocht a chlog. Nuair a rith Ed amach ar an stáitse, chuaigh an slua le báiní. Bhí an áit dubh le daoine agus bhíodar go léir ag damhsa agus ag canadh in ard a gcinn is a ngutha. Cheannaigh mé póstaer agus t-léine ar an mbealach abhaile. Thaitin an oíche go mór liom, ba cheolchoirm iontach é gan amhras ar bith. 

Like this article?