Clár 6 2022

Clár 6

An Ghaeilge ‒ seoid luachmhar agus cuid dár gcultúr

Leagtar síos bunchlocha an scéil sa chéad phictiúr nuair a bhí Liam agus Róisín ag siúl timpeall an bhaile. Thug siad faoi deara go raibh go leor Gaeilge le feiceáil i bhfógraí na siopaí. Is léir go raibh siad an-tógtha leis seo. Chuir sé seo ag smaoineamh iad. Rinne siad cinneadh ansin, go ndéanfadh siad féin rud éigin leis an nGaeilge a chur cinn.

Forbraítear an scéal i bpictiúr a dó, an lá ina dhiaidh sin, bhuail siad lena chéile i dteach Liam. Sa phictiúr seo bhí siad suite os comhair ríomhaire. Bheartaigh siad turas a eagrú chun na Gaeltachta. Chruthaigh siad leathanach Facebook le fáil amach an mbeadh suim ag daoine óga eile ón gceantar dul leo. Bhí siad an-sásta leo féin agus ag tnúth go mór leis an turas.

Tá trí chuid de phictiúr a trí agus tá an pictiúr suite sa Ghaeltacht. Sa chéad chuid, feictear na daltaí sna ranganna ar maidin. Sa dara cuid bhí spórt ar an trá san iarnóin, agus sa tríú cuid bhí céilithe san oíche. Bhain siad ar fad an-taitneamh agus tairbhe as an turas. Bhí siad ar mhuin na muice.

Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh i bpictiúr a ceathair. Bhí feabhas mór tagtha ar chaighdeán Gaeilge na scoláirí. Bheartaigh siad ciorcal comhrá a eagrú ar scoil. Thagadh na scoláirí le chéile gach am lóin le comhrá as Gaeilge. Bhíodh an-chraic acu. Is léir go raibh áthas an domhain ar ghach duine.

Tá dhá chuid de phictiúr a cúig. Sa chéad leath thosaigh Róisín ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta. Cé nár thuig sí gach focal, bhain sí taitneamh as na cláracha, na cinn cheoil go háirithe. Sa dara leath, bhí na déagóirí ag féachaint ar TG4. Chuir siad an-suim sna cláracha chomh maith. D’aontaigh siad gur fiú é féachaint ar TG4 gan dabht.

Críochnaíonn an scéal ar nóta áthasach. Thug múinteoirí Gaeilge na scoile faoi deara go raibh an-iarracht déanta ag Liam agus Róisín an Ghaeilge a chur chun cinn. Ag deireadh na scoilbhliana bronnadh duais orthu as a n-iarrachtaí. Mhol an príomhoide iad go hard na spéire. Bhí Róisín agus Liam an-bhródúil astu féin. “Mol an óige agus tiocfaidh sí mar a deirtear” agus is fíor é sin sa chás seo.

Ábhar: Caitheamh aimsire – Ceol

  • An bhfuil suim agat sa cheol?

Tá an- suim agam sa cheol / Níl aon suim agam sa cheol

Is aoibhinn liom a bheith ag éisteacht le ceol.

  • An seinneann tú uirlis cheoil?

Seinnim an piano agus an guitar / Ní sheinnim aon uirlis cheoil

  • Cé hé/hí an ceoltóir/grúpa is fearr leat?

Is é Ed Sheeran an ceoltóir is fearr liom

Is í Beyonce an ceoltóir is fearr liom.

Is brae liom The Script

Is aoibhinn liom The 1975

Freagra samplach: An grúpa ceoil is fearr liom.

Is iad One Direction an grúpa ceoil is fearr liomsa. Bhí an grúpa curtha le chéile don chomórtas teilifíse The X Factor nach mór deich mbliana ó shin anois. Níor bhuaigh siad an comórtas ach fós bhí an-rath ortha tar éis é sin. An gcreidfeá go bhfuil lucht leanúna níos mó acu ar twitter ná aon ghrúpa eile ar domhan. Is iad na hamhráin “Up All Night” agus “Perfect” na cinn is fearr liomsa. Is breá liom an grúpa sin gan amhras ar bith.

Freagra Samplach: Ceolchoirm a chonaic mé

D’fhreastail mé ar cheolchoirm Ed Sheeran le déanaí. Bhí sé ar siúl i bPáirc Uí Chaoimh. Thug mo thuismitheoirí dhá thicéad dom do mo bhreithlá. D’iarr mé ar mo chara Siobhán teacht in éineacht liom. Thosaigh an cheolchoirm ar a hocht a chlog. Nuair a rith Ed amach ar an stáitse, chuaigh an slua le báiní. Bhí an áit dubh le daoine agus bhíodar go léir ag damhsa agus ag canadh in ard a gcinn is a ngutha. Cheannaigh mé póstaer agus t-léine ar an mbealach abhaile. Thaitin an oíche go mór liom, ba cheolchoirm iontach é gan amhras ar bith. 

Bua ag Cór na Scoile

Leagtar síos bunchlocha an scéil i bpictiúr a haon, bhí comórtas eagraithe ag RTÉ do scoileanna na tíre chun an cór scoile is fearr a roghnú. Feictear cór Choláiste Phádraig ag glacadh páirt sa chomórtas seo. Is léir go raibh na taifeadtaí don chomórtas ar siúl ag a leathuair tar éis a sé ar an gcúigiú lá déag de Mheán Fómhair. Ghlac idir bhuachaillí agus chailíní páirt sa chór. Chaith siad a n-éide scoile. Bhí an chuma ar an scéal gur theastaigh uathu an comórtas a bhuachan mar go raibh siad go léir ag déanamh tréaniarrachta.

Tá dhá chuid de phictiúr a dó. Sa chéad leath chuir stiúrthóir ceoil RTÉ glaoch ar phríomhoide Choláiste Phádraig. d’Inis sí an dea-scéal dó go raibh cór na scoile cáilithe don chraobhchomórtas a bheidh ar siúl i nDoire. Sa dara leath dúirt an príomhoide léi go raibh sé sin go hiontach. Bhí gach duine ar mhuin na muice.

Forbraítear an scéal i bpictiúr a trí tháinig criú de chuid RTÉ chuig an scoil agus rinneadh taifeadadh ar imeachtaí éagsúla na scoile a chraolfaí ar an teilifís níos déanaí. Feictear daltaí ag imirt sacair, ag glacadh páirte i ndíospóireacht agus ag glacadh páirte i ndráma ar an stáitse. Is léir go raibh an-chuid imeachtaí éagsúla ar siúl i gColáiste Phádraig. Feictear ceamaradóir le trealamh taifeadta agus láithreoir agus iad i mbun oibre.

Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh i bpictiúr a ceathair. Is léir go raibh na himeachtaí a ndearnadh taifeadadh orthu á gcraoladh ar an scáileán teilifíse ag RTÉ. Bhí na daltaí ag breathnú ar an teilifís. Bhí siad ag breathnú ar chluiche sacair ar an scáileán mór. Táim ag ceapadh go raibh siad thar a bheith bródúil astu féin. Sa dara leath bhí an bus ar an mbealach go Doire. Bhí na daltaí go léir ag tnúth go mór leis an gcraobhchomórtas.

sroichtear buaicphointe an scéil sa phictiúr seo. Bhí an craobhchomórtas ar siúl i Halla na Mílaoise i gcathair Dhoire. Bhí an halla mór dubh le daoine. Ar thaobh na láimhe deise den stáitse bhí ceamaradóir de chuid RTÉ ag déanamh taifeadta ar an ócáid. Ar thaobh na láimhe clé den stáitse bhí triúr moltóir ag déanamh moltóireachta ar na cóir éagsúla. Bhí cór Choláiste Phádraig ag canadh óna gcroíthe amach ar an stáitse agus bhí an múinteoir ceoil á stiúradh.

Críochnaíonn an scéal ar nóta áthasach, d’fhógair an moltóir go raibh an bua ag Coláiste Phádraig. Sa dara pictiúr rinne príomhoide Choláiste Phádraig comhghairdeas leis na daltaí sa chór agus mhol sé go hard na spéire iad. Bhí sceitimíní áthais ar na daltaí mar bhí éacht mór curtha i gcrích acu. Bhí ardmholadh ag dul dóibh. Mol an óige agus tiocfaidh sí mar a deirtear, agus is fíor é sin sa chás seo.

Like this article?