An tSraith Pictiúr: Ag toghadh scoláire na bliana
Ábhar: Ábhair Scoile
Ag toghadh scoláire na bliana
1.Teideal na sraithe seo ná “ag toghadh scoláire na bliana”. Leagtar síos bunchlocha an scéil sa chéad phictiúr le múinteoir ina seasamh os comhair ranga. Bhí deireadh na séú bliana tagtha agus is léir go raibh tionól speisialta ag an múinteoir. Phléigh sí leis na daltaí go mbeidh toghchán á reáchtáil aici chun dalta amháin a roghnú mar scoláire na bliana. Dúirt sí leo go raibh dualgas orthu an duine ceart a roghnú. D’iarr sí orthu go leor machnaimh a dhéanamh sula gcaithfidís vóta.
2. Forbraítear an scéal sa dara pictiúr, an lá dár gcionn a bhí ann agus bhí an vótáil ar siúl. Chaith gach duine sa scoil vóta. Feictear na daltaí ag fanacht go foighneach i scuaine sa phictiúr seo. Choinnigh an múinteoir súil ghéar ar na páipéir vótála. Bhí sceitimíní ar na scoláirí ar fad.
3. Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh sa tríú pictiúr. Tá an pictiúr seo suite san oifig ghinearálta. D’iompaigh na múinteoirí bosca na vótaí bun os cionn ar an mbord. Rinne na múinteoirí comhaireamh ar na vótaí go léir chun dalta amháin a roghnú. Is léir go raibh siad an-chúramach mar níor theastaigh uathu botún a dhéanamh.
4. Sroichtear buaicphointe an scéil i bpictiúr a ceathair. Oíche speisialta a bhí ann agus bhailigh na scoláirí ar fad agus a dtuistí le chéile sa halla. Bhí an áit dubh le daoine agus cloisfeá biorán ag titim san áit. Bhí gach duine ar bís le fáil amach cé a bhuaigh an duais. Tháinig Príomhoide na scoile amach chun príomhdhuais na hoíche a bhronnadh ar scoláire na bliana. D’éirigh an halla chomh ciúin le reilig nuair a thosaigh an príomhoide ag caint.
5. I bpictiúr a chúig, tar éis dó ardmholadh a thabhairt do na daltaí go léir sa scoil, d’fhógair an príomhoide gurbh í Sandra Ní Cheallaigh scoláire na bliana. Bhí corn speisialta le bronnadh uirthi. Bhí rírá agus ruaille buaille sa halla. Bhí an slua ag screadaíl in ard a gcinn is a ngutha.
6. Críochnaíonn an scéal ar nóta áthasach nuair a chuaigh Sandra suas ar an ardán. Thug an slua bualadh bos glórach di nuair a bhronn an príomhoide an corn uirthi. Dúirt an príomhoide go raibh an duais tuillte aici mar bhí a cuid iompair iontach agus d’oibrigh sí go dian dícheallach, a dúirt sé. Táim ag ceapadh go raibh Sandra agus a tuismitheoirí an-bhródúil. Mar a deirtear, “Mol an óige agus tiocfaidh sí”.


