Teideal na sraithe seo ná: Lá spraoi san Ardchathair
Leagtar síos bunchlocha an scéil sa chéad phictiúr nuair a chuaigh Róisín agus a máthair go dtí an t-aerfort chun mac léinn Spáinneach, Maria, a bhailiú. Is léir gur chuir siad fáilte mhór roimpi. Bhí an t-aerfort dubh le daoine agus iad go léir ar bís. Ba léir go raibh Maria ag súil go mór leis an turas.
Forbraítear an scéal sa dara pictiúr nuair a chuaigh Róisín agus Maria ar thuras bus timpeall na cathrach. Thaisteal siad go Sráid Uí Chonaill. Chonaic siad an spíce agus Ard-Oifig an Phoist, agus thug siad comharthaí den Luas faoi deara freisin. Rinne Róisín cur síos do Maria ar na nithe seo go léir. Tá an chuma orthu gur bhain siad an-taitneamh as an turas.
Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh i bpictiúr a trí. Thug na cailíní cuairt ar Choláiste na Tríonóide. Chonaic siad Leabhar Cheanannais agus an Leabharlann Fhada. Bhí an áit plódaithe le daoine agus feictear go raibh scuaine an-fhada ann. Is dóigh liom gur ith siad rud éigin sa bhialann ina dhiaidh sin.
Tá cúpla cuid de phictiúr a ceathair, feictear pictiúir d’áiteanna i mBaile Átha Cliath ann. Thug na cailíní cuairt ar Pháirc an Chrócaigh agus ceapaim gur bhain siad an-taitneamh as an iarsmalann ann. Chuaigh siad go Staid Aviva agus Gairdín na nAinmhithe ina dhiaidh sin. Ar deireadh thiar, chuaigh siad go hArdeaglais Naomh Pádraig. Bhain siad an-sult as an lá ar fad!
Sroichtear buaicphointe an scéil i bpictiúr a cúig nuair a thugadar aghaidh ar Shráid Grafton chun siopadóireacht a dhéanamh. Ceapaim nach raibh pingin rua fágtha acu. Ag deireadh an lae, bhí siad tuirsceach, traochta, tnáite agus bhíodar stiúgtha leis an ocras chomh maith. D’ith siad béilí blasta i mbialann ghalánta agus chaith siad go leor ama ag an mbord ag caint agus ag comhrá.
Críochnaíonn an scéal ar nóta áthasach. Bhí ticéid do dhráma curtha in áirithe ag Róisín don oíche sin. ‘The Field’ le John B. Keane a bhí á léiriú. Thosaigh an dráma ag a hocht a chlog. Bhain siad an-taitneamh as an dráma. Bhí lá den chéad scoth acu. “Bíonn an siúlach scéalach” mar a deirtear agus is fíor é sin sa chás seo.







Teideal na sraithe seo ná: Agallamh do Nuacht TG4 @ 7
Leagtar síos bunchlocha an scéil sa chéad phictiúr le Liam, Eoghan agus Róisín san ionad siopadóireachta. Bhí an áit dubh le daoine. Is léir gur shuigh siad síos lena scíth a ligean. Ag an bpointe seo, bhí siad tuirseach, traochta, tnáite mar bhí siad ag siopadóireacht le cúpla uair an chloig.
Forbraítear an scéal sa dara pictiúr nuair a tháinig tuairisceoir agus a cheamaradóir chuig na déagóirí. Theastaigh ón tuairisceoir cúpla ceist a chur orthu. Bhí áthas an domhain air nuair a chuala sé go raibh Gaeilge acu. Cé go raibh siad neirbhíseach bhí siad breá sásta a chuid ceisteanna a fhreagairt.
Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh i bpictiúr a trí. An t-ábhar cainte a bhí aige ná saol an duine óig. Theastaigh a gcuid tuairimí uaidh. An raibh siad sona nó míshona mar shampla amháin. I bpreabadh na súl, cuireadh tús leis an taifeadadh.
Dúirt Liam nach raibh mórán airgid ag daoine óga. Ba bhreá leis post a bheith aige. Labhair Róisín faoin mbrú atá ag baint leis an scoil agus scrúduithe. Bhí sí den tuairim go gcuireann tuismitheoirí leis an strus agus brú seo. Phléigh Eoghan na fadhbanna a bhíonn ag daoine óga ach dúirt sé chomh maith go bhfuil go leor buntáistí ag baint le saol an duine óig. Luaigh sé an t-am saor, bia maith agus an saol sóisialta.
Tá trí chuid de phictiúr a cúig. Bhí siad ar fad lánsásta leis na freagraí a thug siad. Mheas siad gur chruthaigh siad go maith. Sa chéad chuid, d’fhiafraigh Liam don tuairisceoir cén uair go mbeadh siad le feiceáil. Sa dara cuid dúirt sé go mbeadh an mhír le feiceáil ar Nuacht TG4. Sa chuid dheireanach, ghabh sé buíochas leo agus thug sé t-léinte agus caipíní de chuid TG4 dóibh.
Críochnaíonn an scéal ar nóta áthasach. Bhí siad ar fad ag tnúth leis an Nuacht ag a seacht. Shuigh Róisín agus a teaghlach os comhair na teilifíse. Tar éis na míre bhí a dtuairimí féin ag gach duine. Dúirt máthair Róisín go raibh sé an-mhaith agus an-spéisiúil. Bhí iontas ar athair Róisín go mothaíonn sí faoi bhrú. Níor aontaigh sé léi ar chor ar bith. Agallamh den scoth a bhí ann. “Mol an óige agus tiocfaidh sí” mar a deirtear agus is fíor é sin sa chás seo.