Clár 4

An tSraith Pictiúr

Ná húsáid an cárta creidmheasa gan chead.

1. Teideal na sraithe seo ná, ná húsáid an cárta creidmheasa gan chead. Leagtar síos bunchlocha an scéil sa chéad phictiúr le Siobhán agus Liam ag scimeáil ar an Idirlíon. Chonaic siad fógra a dúirt go raibh banna ag teacht go dtí an Aviva. Dúirt Liam go mbeadh an banna sin iontach. D’Aontaigh Siobhán leis. Caoga euro a bhí ar na ticéad agus shocraigh siad ar chárta Dhaid a úsáid. Is léir go raibh an cárta ar an matal agus bhí uimhir an chárta ar eolas ag Siobhán.

2. Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh i bpictiúr a dó. D’Eagraigh siad chun dhá thicéad a cheannach ar líne. Gan a thuilleadh moille rug Liam ar an gcárta agus chuir sé na sonraí isteach gan mhoill. Bhíodar ag tnúth go mór leis an gceolchoirm.

3. Forbraítear an scéal i bpictiúr a trí nuair a chuaigh Liam agus Siobhan go Baile Átha Cliath lena gcáirde cúpla lá ina dhiaidh sin. Tá sé soiléir go raibh sceitimíní orthu. Bhí an áit dubh le daoine agus bhíodar go léir ag canadh in ard a gcinn is a ngutha. Feictear go raibh atmaisféar den scoth ann nuair a bhí an banna ceoil ag canadh agus ag damhsa ar an stáitse. Ní raibh a fhios ag Mam agus Daid faoi aon rud.

4. Sroichtear buaicphointe an scéil i bpictiúr a ceathair. Ag deireadh na míosa fuair Daid an bille don Visa. Ní nach ionadh go raibh céad euro ar an mbille do cheolchoirm sa staid Aviva. Ba ghearr gur thuig sé fios fátha an scéil. Bhí Daid ar dearg-buille agus ar luas lasrach bhí sé ag ceistiú na bpáistí agus ag fiosrú an scéil.

5. Feictear i bpictiúr a cúig go raibh fearg an domhain ar Daid agus Mam. Léirigh na tuismitheoirí an bille do na déagóirí. D’Iarr siad míniú uathu. Bhí náire ar na déagóirí ansin. Dúirt Liam gur cheap sé go mbeadh cead acu. Dúirt Siobhán go raibh brón orthu nár iarr siad cead ar dtús. Tugann siad a leithscéal lena dtuismitheoirí.

6. Críochnaíonn an scéal ar nóta maith. Chun ceacht a mhúineadh do na déagóirí bhí orthu obair tí a dhéanamh ar feadh míosa. Bhí Liam ag glanadh na bhfuinneog agus bhí Siobhán ag folúsghlanadh an tí mar phíonós. Táim cinnte go raibh ceacht foghlamtha acu thuig siad nár cheart dóibh an cárta a úsáid. Bhí siad tinn tuirseach den obair tí ach tá sé tuilte acu. Ní dóigh liom go ndéanfaidh na déagóirí seo aon rud as an tslí go deo arís. Mar a deir an seanfhocal, is í an chiall cheannaithe, an chiall is fearr.

Ábhar: Mo Scoil

Like this article?