Clár 4 2022

Teideal na sraithe seo ná Madra ar Strae

1) Leagtar síos bunchlocha an scéil sa chéad phictiúr le Liam suite ar an tolg ar a sháimhín só. Go tobann fuair sé téacs óna chara Síle. Baineadh geit uafásach as nuair a chonaic sé an téacs. Is léir go raibh madra Shíle imithe ar strae agus bhí cabhair á lorg aici. Bhí imní an domhain ar Shíle bocht.

2) Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh i bpictiúr a dó. Nuair a shroich Liam an teach bhí Síle ag caoineadh. Dúirt Liam léi gan a bheith buartha agus d’iarr sé uirthi an scéal a insint dó. D’inis sí an scéal ar fad dó. Bhí an madra fágtha sa ghairdín cúil aici ar maidin agus bhí sé imithe nuair a tháinig sí abhaile ón obair tráthnóna. Smaoinigh Liam ar phlean gan mhoill.

3) Forbraítear an scéal i bpictiúr a trí. Bhain Liam agus Síle leas as na meáin leis an scéal a chur os comhair an phobail. Feictear go gcraoladh fógra ar an raidió áitiúil. Is léir go gcruthaigh siad leathanach speisialta ar Facebook chomh maith. Sheol siad téacsanna chuig gach uimhir a bhí acu ina bhfóin.

4) Tá dhá chuid de phictiúr a ceathair. Sa chéad leath, chuardaigh Liam agus Síle an baile ar fad. Bhéic siad ainm an mhadra in ard a gcinn is a ngutha. Is léir nach raibh tásc ná tuairisc air. Bhí siad in ísle brí. Sa dara leath, go tobann bhuail guthán Shíle. Bhí ionadh an domhain uirthi.

5) Sroichtear buaicphointe an scéil i bpictiúr a cúig. D’fhiafraigh an duine ar an bhfón an raibh madra caillte ag Síle. Bhí a croí ina béal. Dúirt an fear go raibh an madra aige. Bhí áthas an domhain ar Shíle. D’inis sí an dea-scéal do Liam.

6) Críochnaíonn an scéal ar nóta áthasach. Bhuail siad leis an bhfear in ionad siopadóireachta. Dúirt sé gur lean an madra ansin é. Ghabh siad buíochas ó chroí leis. Is léir go raibh tuismitheoirí Shíle an-sásta go bhfuair sí an madra ar ais. Ceapann an t-athair go mba cheart di aire níos fearr a thabhairt don mhadra. Is í an chiall ceannaithe an chiall is fearr mar a deirtear agus is fíor é sin sa chás seo.

Teideal na sraithe seo ná “ag campáil cois farraige”

  1. Leagtar síos bunchloch an scéil sa chéad phic le Liam agus Eoghan ag caint lena dtuistí. An dara lá is fiche de Mheitheamh atá ann agus bhí lúcháir ar na déagóirí toisc go raibh an Ardteist críochnaithe. Labhair siad le Daid agus Mam toisc gur theastaigh uathu dul ag campáil cois trá i Loch Garman don deireadh seachtaine. Bhí sos ag teastáil go géar uathu. Bhí tuirse ar an mbeirt acu i ndiaidh na hArdteiste. d’Aontaigh na tuistí leis an smaoineamh sin agus thug siad cead imeachta don bheirt.
  2. Forbraítear an scéal sa tarna pictiúr nuair a thaistil na buachaillí go Loch Garman. Shroich an bheirt an t-ionad a bhí suite i suíomh álainn in aice na farraige. Bhí pubaill eile in aice leo agus tá an ghrian ag lonradh sa spéir. Bhí báid seoil le feiceáil ar an bhfarraige. Chuir siad an puball in airde go cúramach ag úsáid casúir.Duirt siad go raibh an áit an-chompordach. Is léir go raibh siad iontach sásta leo féin.
  3. Tá dhá chuid de phictiúr a trí. Sa chéad leath thug an bheirt acu aghaidh ar an bhfarraige mar bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Bhí an teocht ard agus bhí an bheirt acu ar a suaimhneas, ina luí ar na tuáillí gréine ar an trá. Bhí leabhar á léamh ag Liam agus bhí Eoghan ag sú na gréine. Ní raibh cíos, cás ná cathú orthu. Athraíonn an aimsir gan choinne agus sa dara leath den phictiúr seo baineadh geit uafásach astu nuair a thosaigh sé ag stealladh báistí. Rith an bheirt ón trá ar luas lasrach.
  4. Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh i bpic a 4. Nuair a shroich siad an puball bhí díomá orthu nuair a chonaic siad gur leag an drochaimsir, na gálaí gaoithe agus an bháisteach, an puball go talamh. Bhí an aimsir ag éirí níos measa. Cad a tharlódh dóibh anois? Ní raibh a fhios ag na buachaillí céard ba choir dóibh a dhéanamh.
  5. Tá dhá chuid de phictiúr a 5 chomh maith. Sa phictúr seo chuir buachaill amháin glaoch ar a Dhaid. Mhínigh sé dó cad a tharla. Duirt sé go raibh siad fliuch go craiceann agus go raibh an puball scriosta ar fad. Ní raibh aon airgead acu ach an oiread. Daid go cúramach agus míníonn sé go bhfuil óstán deas in aice láimhe agus go bhfuil aithne aige ar an mbainisteoir. Chuir Daid glaoch ar a chara chun na buachaillí a bhailiú ón ionad agus lóistín a thabhairt dóibh don oíche.
  6. Críochnaíonn an scéal ar nóta áthasach. Bhailigh bainisteoir an óstáin na buachaillí ón ionad campála. Bhí an t-ádh dearg leo mar d’fhan siad in Óstán na Faille don oíche. Óstán ceithre réalta a bhí i gceist agus fuair na buachaillí béile blasta sa bhialann ghalánta – prátaí rósta, stéig mhór agus glasraí de gach saghas. Is olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éigin agus is fíor don seanfhocal sa chás áirithe seo. Bhí gach rud go breá ag an deireadh. Níl aon rud ach seal mar a deireann siad chomh maith.

Like this article?