Spotify & iTunes => Daly Dose of Gaeilge
Bua sa Chomórtas Díospóireachta
1. Teideal na sraithe seo ná bua sa chomórtas díospóireachta. Leagtar síos bunchlocha an scéil i bpictiúr a haon le Liam, Roisín agus Eoghan ag féachaint ar fhógra ar an bhfalla. Dúirt an fógra go raibh comórtas díospóireachta ar siúl agus go raibh duaiseanna iontacha le fáil. Is léir go raibh an-suim ag na scoláirí sa chomórtas.
2. Forbraítear an scéal sa dara pictiúr nuair a bhí an chéad bhabhta faoi lán seoil. Bhí Scoil Mhuire i gcoinne Scoil Pheadair i gcomórtas an-ghéar. Bhí an áit dubh le daoine agus cloisfeá bioráin ag titim san áit. Bhí gach duine ag tnúth go mór leis an gcomórtas.
3. Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh i bpictiúr a trí agus bhí Liam ina sheasamh ag an seastán. An rún a bhí á phlé aige ná “Níl aon leigheas i ndán don tír seo.”. Labhair Liam ar son an rúin agus phléigh sé a phointí go héifeachtach. Feictear na moltóirí sa chúlra agus bhíodar an-tógtha le hóráid Liam.
4. Sroichtear buaicphointe an scéil i bpictiúr a 4 nuair a thug duine de na moltóirí an bhreith. Bhí ríméad san áit nuair a dúirt sé gur bhuaigh scoil Pheadair. Is léir go raibh áthas an domhain ar Liam, Róisín agus Eoghan. Thosaigh an slua ag ceiliúradh in ard a gcinn is a ngutha. Tá an chuma orthu gur tháinig an bua aniar aduaidh orthu.
5. Tá sé soiléir ó phictiúr a 5 gur bhronn duine de na moltóirí corn ar na buaiteoirí. Fuair siad seic de dhá mhíle euro chomh maith. Feictear go raibh clab go cluasa ar na scoláirí ar fad. Ní bhíonn bua gan dua mar a deirtear ach b’fhiú an obair dhian sa chás seo.
6. Críochnaíonn an scéal ar nóta áthasach. Bhí ar na daltaí ceiliúradh mór a dhéanamh an oíche sin. Chuaigh an fhoireann agus a múinteoir amach le haghaidh béile. Bhí burgair agus deochanna acu don bhéile. Bhí siad an-ghealgháireach. Is dócha go raibh an múinteoir agus an scoil ar fad an-bhródúil astu. Mar a deir an seanfhocal, mol an óige agus tiocfaidh sí.




