Teideal na sraithe seo ná Imreoir Gortaithe.
Pictiúr 1
Leagtar síos bunchlocha an scéil sa chéad phictiúr nuair a bhí na himreoirí lán le fuinneamh ag rith timpeall na páirce. Bhí camáin ina lámha ag na himreoirí. Chaith siad éadaí foirne, clogad agus bróga peile. Is léir go raibh Scoil Eoin chun tosaigh sa chluiche go dtí an pointe seo, ba é seo an scór: Scoil Eoin – cúl agus trí chúilín/phointe; Coláiste Choilm – cúl agus cúilín amháin. Déarfainn go raibh an lucht féachana ar bís. Bhí slua mór daoine ag féachaint ar an gcluiche sa staid. Bhí bratacha á n-ardú san aer ag lucht leanúna an dá fhoireann.
Pictiúr 2
Forbraítear an scéal sa dara pictiúr. Go tobann thit Liam ar an talamh mar tharla calaois dó. Bhí sé sínte ar chaol a dhroma ar an talamh. Bhí an chuma air go raibh sé gortaithe. Cheap sé féin gur ghortaigh sé a chos go dona. Shéid an réiteoir a fheadóg agus rith an bainisteoir amach ar an bpáirc agus bhí beirt ag rith trasna na páirce le sínteán. Chabhraigh imreoirí eile le Liam. Bhí an lucht féachana ar imeall na cathaoireacha. Is cosúil go raibh imní mhór ar gach éinne i dtaobh an imreora ghortaithe. Chuir siad Liam ar an sínteán go cúramach agus ar aghaidh leo gan mhoill chuig an ospideál.
Pictiúr 3
Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh i bpictiúr a trí. Tar éis tamaillín, shroich siad an rannóg thimpiste agus éigeandála, a 3 a chlog a bhí sé. Bhí Liam fós ar shínteán agus d’fhan an bainisteoir lena thaobh. Bhí beirt fhear ina suí sa seomra feithimh. Bhí siad ina suí ar na cathaoireacha ag fanacht chun labhairt leis na dochtúirí agus altraí. Bhí cos ghortaithe ag fear amháin agus lámh ghortaithe ag an bhfear eile. Lá gnóthach a bhí ann gan dabht san ospidéal. Is léir ó aghaidh Liam go raibh pian uafásach ina chos aige. Liam bocht, ní raibh sé ag tnúth leis sin ar chor ar bith.
Pictiúr 4
Sroichtear buaicphointe an scéil i bpictiúr a cúig. Bhí Liam bocht fós sa seomra feithimh. Níor labhair an t-altra le Liam agus an bainisteoir go dtí a cúig a chlog. Nuair a tháinig sí bhí fáisc-chlár ina lámh. Phléigh siad an scéal. Mhínigh an bainisteoir di cad a tharla do Liam. Bhí an bainisteoir ag gearán mar bhí orthu fanacht dhá uair a chloig chun labhairt l’éinne. Bhí Liam bocht ag fulaingt i bpian fós nuair a bhí an t-altra ag labhairt leo. Ní raibh cuma áthasach ar aon duine sa phictiúr seo.
Pictiúr 5
Sa phictiúr seo bhí cruinniú ag Liam leis an dochtúir. Bhí Liam suite ar chathaoir agus bhí a chos ghortaithe sínte amach aige. Bhí plástar Phárais ar a chos. Phleigh siad an x-ghathú ar an scáileán. Bhí cuma an-imníoch ar an mbuachaill agus é ag éisteacht leis an dochtúir. D’inis an dochtúir dó go raibh a chnámh briste go dona. Ní raibh an t-ádh le Liam ar chor ar bith. Mhol an dochtúir go mbeadh air sos fada a ghlacadh ón iománaíocht.
Pictiúr 6
Críochnaíonn an scéal ar nóta diúltach. Bhí Liam agus a chara ina suí sa stáid ag féachaint ar chluiche. D’inis sé dá chara nach mbeadh sé ábalta imirt go ceann cúig mhí. Thosaigh sé ag smaoineamh ar na cúig mhí amach roimhe. Ní bheadh sé in ann spórt a imirt. Bhí sé ag brionglóid faoi cad a dhéanfaidh sé anois. Bhí cuma an-ghruama ar an mbeirt bhuachaillí. Bhí sé ag smaoineamh go mbeadh air ficheall a imirt ar feadh na tréimhse sin. Feicimid an plástar ar a chos. Bhí sé croíbhriste ar fad. Bhí an-ghrá go deo aige don iománaíocht, is léir!



Teideal na sraithe seo ná Tine sa Seomra Eacnamaíocht Bhaile
P1: Leagtar síos bunchlocha an scéil sa chéad phictiúr nuair a bhí scoláirí na hidirbhliana sa chistin. Bhí rang eacnamaíocht bhaile faoi lán seoil. Bhí Liam, Eoghan agus Róisín ag obair le chéile. Is dóigh liom go raibh boladh breá ón mbia a bhí á chócaireacht acu. Choinnigh an múinteoir súil ghéar orthu.
P2 Forbraítear an scéal i bpictiúr a dó. Go tobann chuaigh an friochtán trí thine. Baineadh geit uafásach as Liam. Ní raibh a fhios ag na daltaí ó thalamh an domhain conas a thosaigh an tine. Ba bheag nár thit an múinteoir i laige. Bhéic sí in ard a cinn is a gutha ar na scoláirí an seomra a fhágáil. Bhí ionadh an domhain ar ghach duine sa seomra.
P3 Sroichtear buaicphointe an scéil sa tríú pictiúr nuair a rith an múinteoir go dtí an t-aláram tine ar luas lasrach. Bhris sí an ghloine agus bhrúigh sí an cnaipe. Thosaigh an t-aláram ag bualadh go hard. Is léir go raibh sé le cloisteáil ar fud na scoile. Ceapaim gur baineadh geit as gach duine.
P4: Tá dhá chuid sa phictiúr seo. Sa chéad leath thosaigh an príomhoide ag caint ar an ngléas idirchumarsáide. D’iarr sé ar na scoláirí an scoil a fhágáil go mall. Is dócha go ndearna siad an druil tine a chleachtadh go minic. Sa dara leath bhailigh gach duine le chéile ag an ionad tionóil agus ghlaoigh na múinteoirí an rolla.
P5: Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh i bpictiúr a cúig nuair a bhí an tine faoi bharr lasrach. Chuaigh beirt mhúinteoir mhisniúil isteach sa chistin chun an tine a mhúchadh. Níorbh fhada go raibh an tine múchta acu. Bhí an áit chomh dubh le pic leis an deatach agus bhí an chistin millte ach bhí an tine imithe ar a laghad.
P6 Críochnaíonn an scéal ar nóta dearfach. Lig gach duine osna faoisimh astu nuair a chuala siad go raibh an tine múchta. Sin ráite bhí díomá ar na scoláirí mar go raibh orthu filleadh ar na ranganna. Shiúil siad i dtreo na ranganna ansin. Labhair an múinteoir le Liam, Eoghan agus Róisín. Bhí ciall cheannaithe acu tar éis na heachtra agus is é an chiall cheannaithe an chiall is fearr mar a deirtear.