Clár 2

An tSraith Pictiúr: Imreoir Gortaithe

Ábhar: Mo Mhuintir

Spotify: https://open.spotify.com/episode/0ge7OYIpKc6iGWtsgeWqwn?si=R8ukTDq_TfuxuXcSBfXZuQ

iTunes: https://podcasts.apple.com/ie/podcast/daly-dose-of-gaeilge/id1471013212#episodeGuid=tag%3Asoundcloud%2C2010%3Atracks%2F902198392

lmreoir Gortaithe

  1. Teideal na sraithe seo ná Imreoir Gortaithe. Leagtar síos bunchlocha an scéil sa chéad phictiúr le híomhá de pháirc imeartha. Bhí Scoil Eoghain ag imirt in aghaidh Coláiste Phádraig. Feictear Liam sa lár agus camán ina lámh aige. Bhí an seastán dubh le daoine agus bhíodar go léir ag screadaíl in ard a gcinn is a ngutha. Is léir go raibh teannas san áit mar ní raibh ach dhá chúilín idir an dá fhoireann ag an bpointe seo.
  2. Forbraítear an scéal sa dara pictiúr agus feictear Liam leagtha amach ar an talamh. Bhí an réiteoir ina sheasamh in aice leis agus a fheadóg ina lámh aige. Tá sé soiléir go ndearna imreoir eile calaois air agus bhí Liam bocht i bpian uafásach. Rith bainisteoir na foirne amach ar an bpáirc imeartha chomh maith. Sa chúlra bhí beirt ag teacht ar luas lasrach le sínteán. Chloisfeá biorán ag titim sa seastán ansin.
  3. Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh i bpictiúr a trí nuair a chuaigh Liam agus an bainisteoir go dtí an roinn timpiste agus éigeandála san ospidéal. Tháinig siad ar a trí a chlog agus bhí an áit an-ghnóthach. Feictear beirt eile ag fanacht sa seomra feitheamh.
  4. I bpictiúr a ceathair bhí cuma na feirge ar an mbainisteoir. A chúig a cholg a bhí sé ag an bpointe seo agus bhíodar fós ag fanacht sa seomra feitheamh. Labhair an bainisteoir le haltra a bhí ag obair agus dúirt sí go raibh an áit fíorghnóthach an lá sin. Is léir ón bpictiúr go raibh Liam bocht fós ag streachailt leis an bpian agus é ar sínteán.
  5. Leathanaítear an scéal sa chúigiú pictiúr nuair a fheicimid Liam ina shuí in oifig an dochtúra. Bhí an bheirt acu ag féachaint ar x-ghathú ar scáileáin. Dúirt an dochtúir go raibh a chos briste go dona agus go mbeadh air sos fada a thógaint ón spórt. Bhí uafás ar Liam ansin mar bhí sé gafa leis an spórt.
  6. Críochnaíonn an scéal ar nóta brónach. Ní raibh Liam in ann imirt lena chairde ar an bpáirc agus mar sin bhí sé ina shuí sa seastán. Ní bheadh sé ábalta spóirt a imirt arís go ceann cúig mhí agus bhí díomá an domhain air. Tá sé soiléir ón bpictiúr go raibh sé ag smaoineamh ar fhicheall a imirt anois agus ní raibh sé sásta leis sin. Ach mar a deir an seanfhocal, ní bhíonn in aon rud ach seal.

Like this article?