Teideal na sraithe seo ná an fhoireann ag cruthú go hiontach.
Leagtar síos bunchlocha an scéil sa chéad phictiúr leis na daltaí ar scoil. Chonaic Liam agus Micheál fógra faoi shraith iomána. Chuir siad an-spéis san fhógra mar bhí an-suim acu san iománaíocht. Bhí an tsraith iomána seo á reáchtáil ag Coláiste Eoin. Dúirt Liam gur mhaith leis triail a bhaint as. Dúirt Micheál go gcaithfidh siad labhairt leis an Uasal Ó Sé faoi.
Forbraítear an scéal sa dara pictiúr nuair a bhí na buachaillí ag caint arís. Is léir go raibh Liam agus Micheál ag iarraidh a bheith páirteach sa tsraith iomána. An lá dár gcionn, chuaigh siad chun cainte leis an Uasal Ó Sé. Dúirt sé go mbeadh orthu obair na gcapall a dhéanamh chun áit a fháil ar an bhfoireann. Mhínigh sé dóibh go mbeadh traenáil ar siúl tar éis na scoile dhá uair in aghaidh na seachtaine. Bhí Liam agus Micheál ar bís faoi.
Tá dhá chuid de phictiúr a trí. Sa chéad leath bhí an fhoireann ag obair go dian dícheallach ar feadh cúpla mí. Bhí Liam agus Micheál traochta tar éis traenála gach seachtain. Táim ag ceapadh go raibh an bainisteoir ag béicíl in ard a chinn is a ghutha agus é ag iarraidh iad a spreagadh. Sá dara leath, mí Aibreáin a bhí ann agus bhí an chraobh sroichte acu. Bhí an bainisteoir an-sásta leo. B’fhiú é an obair ar fad.
Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh i bpictiúr a ceathair agus tá póstaer le feiceáil. Bhí gach duine sa scoil ag tnúth go mór leis an gcluiche ceannais. Eagraíodh busanna le lucht leanúna a thabhairt go dtí an cluiche. Is léir go raibh na busanna ag fágáil ag a dó a chlog. Mhol an fógra do na scoláirí tacaíocht a thabhairt don fhoireann. Bhí gach duine ar mhuin na muice faoin gcluiche ceannais.
Sroichtear buaicphointe an scéil i bpictiúr a cúig. Sa deireadh thiar thall, tháinig lá an cluiche. Bhí an áit dubh le daoine agus bhí siad go léir ag screadaíl. Is dócha go raibh teannas sa chluiche mar ní raibh ach dhá cúilín idir na foirne. Bhí an bua ag Coláiste Eoin sa deireadh, agus bhí áthas an domhain orthu. Bronnadh an corn ar chaptaen na foirne. Bhí imreoirí Choláiste Phádraig in ísle brí agus imreoirí Choláiste Eoin ar mhuin na muice.
Críochnaíonn an scéal ar nóta áthasach. An lá dár gcionn, cuireadh fáilte mhór rompu ar scoil. Dúirt an príomhoide comhghairdeas do na buachaillí go léir. Tá cuma an-bhródúil ar an bpríomhoide agus an bainisteoir. Dúirt an príomhoide go mbeadh cóisir acu an lá sin. Bhí sceitimíní an domhain ar na buachaillí. “Mol an óige agus tiocfaidh siad” mar a deirtear agus is fíor é sin sa chás seo.


Teideal na sraithe seo ná Samhradh iontach
Leagtar síos bunchlocha an scéil sa chéad phictiúr le beirt chailín ina seasamh agus ag caint os comhair séipéil. Is léir go bhfuil siad ar laethanta saoire an tsamhraidh. A ceathrú tar éis a trí a bhí ann. Dúirt Áine go mbeadh samhradh den scoth acu agus d’aontaigh Aoife léi. Phléigh siad a bplean don samhradh.
Tá dhá chuid de phictiúr a dó. Sa chéad leath bhí na cailíní in óstán áitiúil. Bhí agallamh acu le bainisteoir an óstáin. Thaitin iompar agus meon na gcailíní leis an mbainisteoir. Sa dara leath bhí na cailíní ag obair. Feictear iad ag cóiriú na leapa, ag glanadh agus ag folúsghlanadh sa phictiúr. Bhí siad an-bhuíoch as an obair. Cheap Áine go raibh an t-ádh dearg leo go raibh post acu. Cheap siad go raibh an obair deacair ach bhí airgead acu.
Forbraítear an scéal sa tríú pictiúr. A bhuí leis an airgead a fuair siad ón obair chuaigh na cailíní ar saoire. Tá an pictiúr suite san Iodáil, sa Róimh. Chonaic siad na radharcanna go léir. Cathair iontach ghleoite í, dar leo.
Tá dhá chuid de phictiúr a ceathair chomh maith. Sa chéad leath, cúpla seachtain ina dhiaidh sin nuair a tháinig na cailíní abhaile bhí siad ag imirt peile leis an bhfoireann peile áitiúil. Bhuaigh siad an cluiche ceannais agus an corn. Is léir go raibh siad ag ceiliúradh agus go raibh siad áthasach agus bródúil. Sa dara leath bhí na cailíní sa phictiúrlann. D’ith siad pop-arbhar agus d’ól siad deochanna. Bhí an-saol acu! Is léir go raibh na cailíní ar mhuin na muice.
Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh i bpictiúr a cúig. Ní i mbun siamsaíochta amháin a bhí na cailíní. Feictear iad ag obair le daoine bochta sa tír. Ag déanamh obair dheonach a bhí siad, le Cumann Naomh Uinseann de Pól. Is léir go bhfuil bean gan dídean sa phictiúr. Ghabh an tseanbhean bocht sin buíochas leo. Ba chailíní carthannacha iad gan dabht.
Críochnaíonn an scéal ar nóta dearfach, ach “Dá fada samhradh, tagann an geimhreadh” mar a deirtear. Anseo tá Áine agus Aoife ag labhairt faoin samhradh. Deireadh an tsamhraidh a bhí ann agus dúirt Áine gurbh é an samhradh ab fhearr a bhí aici riamh. Is léir go raibh samhradh ar fheabhas acu. Samhradh iontach a bhí acu gan aon agó. Mol an óige agus tiocfaidh siad mar a deirtear agus is fíor é sin sa chás seo.