Drochaimsir an Gheimhridh – Athrú Aeráide
- Teideal na sraithe seo ná Drochaimsir an Gheimhridh – Athrú Aeráide.
- Leagtar síos bunchlocha an scéil sa chéad phictiúr le Liam agus Áine ag amharc ar an gclár faisnéise ‘Prime Time’.
- Cúrsaí timpeallachta a bhí á bplé acu agus an t-ábhar faoi chaibidil ná athrú aeráide.
- Cheap Áine go raibh an cheist an-chasta.
- D’aontaigh Liam leis an méid a dúradh sa chlár.
- Thosaigh siad ag smaoineamh ar an aimsir a bhí acu le bliain
P2
- Forbraítear an scéal i bpictiúr a dó
- Ar dtús smaoinigh na déagóirí siar ar Mhí na Nollag seo caite nuair a bhí siad go léir préachta leis an bhfuacht.
- Tá teach mór scoite le feiceáil sa phictiúr.
- Is léir go raibh an spéir dhubh, dorcha agus tá an sneachta ag titim go trom.
- Bhí an teach, na sceacha agus os comhair an tí agus an talamh timpeall air clúdaithe le brat trom sneachta.
- Tá a fhios againn go raibh an teocht ocht gcéim faoi bhun an reophointe.
P3
- Leanann eachtaí an scéil ar aghaidh i bpictiúr a trí
- Ansin phléigh na déagóirí an damáiste a tharla tar éis na haimsire sin.
- De bharr go raibh sé ag cur seaca go trom, bhí ceann de na píobáin thuas san áiléar scoilte sa chéad phictiúr.
- Bhí an t-uisce ag doirteadh anuas tríd an tsíleáil agus ag scriosadh an tí.
- Lasmuigh den teach tá pluiméir tagtha ar an láthair.
- Táim ag ceapadh go raibh sé tagtha chun an píobán a dheisiú.
- Chosain cuairt an phluiméara €200.
- De bharr na drochaimsire, bhí árachas tithe ag méadú go tubaisteach. Nach uafásach an rud é?
P4
- Labhair na déagóirí ansin faoi thimpiste a tharla sa cheantar mar thoradh ar an drochaimsir.
- Ón eolas os mo chomhair amach, bhí stoirm uafásach gaoithe agus báistí ag séideadh ag an am.
- Thit crann anuas ar charr a bhí ag taisteal ar bhóthar iargúlta.
- Rinneadh go leor damáiste don charr.
- Baineadh geit uafásach as na daoine ach tá an chuma ar an scéal gur tháinig gach duine slán.
P5
- Is cuimhin leis na déagóirí leis go raibh tuilte báistí ar fud na tíre
- Feicimid go raibh tuilte uafásacha i gCorcaigh agus bhí tithe agus carranna faoi uisce.
- Bhí na seirbhísí éigeandála ar an láthair. Bhí siad ag tarrtháil daoine as a dtithe le báidín inséidte.
- B’amhlaidh an scéal ar Shráid Uí Chonall i mBaile Átha Cliath, daoine sáinnithe ina gcarranna ansin agus ar fud na cathrach.
- B’uafásach an scéal é gan dabht ar bith.
P6
- Thosaigh Liam agus Áine ag plé na ceiste.
- Cheap siad go raibh athrú aeráide taobh thiar den aimsir sin ar fad.
- Bhí sé le tuiscint go raibh an ciseal ózóin scriosta mar go raibh dochar mór á dhéanamh di ag an gcine daonna ar bhonn leanúnach.
- Bhí na cnapáin oighir ag leá ar an dóigh chéanna.
- Bhí na déagóirí go láidir den tuairim go raibh a dtimpeallacht i mbaol.
- Dá bharr sin, sa phictiúr deireanach, tá cuma an-bhuartha orthu beirt.
- Mar a deirtear, “ar scáth a chéile a mhaireann na daoine”

Freagra Samplach: Ceolchoirm a chonaic mé
D’fhreastail mé ar cheolchoirm Ed Sheeran le déanaí. Bhí sé ar siúl i bPáirc Uí Chaoimh. Thug mo thuismitheoirí dhá thicéad dom do mo bhreithlá. D’iarr mé ar mo chara Siobhán teacht in éineacht liom. Thosaigh an cheolchoirm ar a hocht a chlog. Nuair a rith Ed amach ar an stáitse, chuaigh an slua le báiní. Bhí an áit dubh le daoine agus bhíodar go léir ag damhsa agus ag canadh in ard a gcinn is a ngutha. Cheannaigh mé póstaer agus t-léine ar an mbealach abhaile. Thaitin an oíche go mór liom, ba cheolchoirm iontach é gan amhras ar bith.
Freagra samplach: Ag féachaint ar an teilifís
Is aoibhinn liomsa a bheith ag féachaint ar an teilifís, ach, bím an-ghnóthach I rith na seachtaine le hobair scoile agus ní fhéachaim ar an teilifís mar ní bhíonn an t-am agam. Ag an deireadh seachtaine áfach, caithim tamall sa seomra suí le mo dheirfiúr os comhair na teilifíse. Is breá linn cláir cheoil agus cláir spóirt. Tá cuntas Netflix againn chomh maith agus is féidir linn é sin a úsáid ar an teilifís cliste nó ar an ipad.
Freagra samplach: An clár teilifíse is fearr liom
An clár teilifíse is fearr liom ná Saol an Mhadra Bháin. Is sraith ar leith í Saol an Mhadra Bháin ina dtugtar léargas ar an leas a bhaintear as madraí oibre in Éirinn. d’fhoghlaim mé ana-chuid faoin ngaol speisialta a fhásann idir na madraí agus úinéirí. Insítear scéal na bhfear, ban agus páistí in Éirinn a bhfuil a gcaighdeán saoil feabhsaithe ag na madraí seo. Bhí cuid den chlár suite anseo i gCorcaigh agus bhí sé thar a bheith suimiúil.
Freagra samplach: Iománaíocht
Thar aon rud eile, is aoibhinn liom iománaíocht. Imrím iománaíocht le mo chlub áitiúil agus leis an scoil chomh maith. Is tosaí mé, táim tapa agus sciliúil. Téim ag traenáil leis an gclub trí huaire sa tseachtain agus imrím cluiche ag an deireadh seachtaine. Chomh maith leis sin bíonn traenáil le foireann na scoile uair amháin sa tseachtain agus bíonn cluichí ó am go ham. Ba bhreá liom cluiche a imirt I bPáirc an Chrócaigh lá éigin.
Freagra samplach: Cluiche a chonaic mé
Dhá bhliain ó shin, chuaigh mé chuig Cluiche Ceannais na hÉireann. Bhí an cluiche ar siúl i bPáirc an Chrócaigh. Bhí Ciarraí agus Baile Átha Cliath ag imirt. Fuair mo Dhaid dhá thicéad ón gclub áitiúil, fuaireamar an traein ó Chill Áirne bhí an traein plódaithe le daoine. Nuair a shroicheamar Baile Átha Cliath, shiúlamar go dtí Páirc an Chrócaigh. Bhí an áit dubh le daoine agus bhíodar go léir ag screadaíl in ard a gcinn is a ngutha. Sa deireadh, ní raibh an t-ádh orainn ar an lá agus bhuaigh Baile Átha Cliath ach bhain mé taitneamh as an lá ar aon nós.