Clár 1: 2022

Teideal na sraithe seo ná: Rialacha na Scoile

Leagtar síos bunchlocha an scéil I bpictiúr a haon. Tús na scoilbhliana a bhí ann agus labhair Príomhoide Ardscoil an Chnoic ag tionól na scoile. Is léir go raibh na daltaí go léir i halla na scoile. Bhí a hóráid faoi rialacha na scoile. Na gnáthrialacha scoile a bhí i gceist mar shampla, cosc ar bhulaíocht. Feicim go raibh Cuma an-dáiríre uirthi.

Tá dhá chuid sa phictiúr seo nuair a bhí na daltaí i gclós na scoile. Sa chéad leath, is léir go raibh dea-aoibh orthu go léir. Sa dara leath, go luath ina dhiaidh sin thosaigh grúpa amháin ag troid in aghaidh a chéile. Chomh maith leis sin, bhí grúpa eile ag caitheamh tobac. Tá sé soiléir go raibh rialacha na scoile á mbriseadh ag na daltaí.

Forbraítear an scéal i bpictiúr a trí. Chonaic na múinteoirí na daltaí agus bhí fearg orthu ar ndóigh. Thug na múinteoirí íde béil dóibh. D’iarr sé orthu a n-iompar a mhíniú. Luaigh siad rialacha na scoile mar shampla,  meas a léiriú dá chéile. Mhínigh múinteoir eile gur chur amú airgid a bhí sa tobac gan trácht ar an dochar a bhí sé ag déanamh dá sláinte. Ba léir go raibh aiféala ar na déagóirí gur bhris siad rialacha na scoile.

Níorbh é sin deireadh an scéil áfach, leanann eachtraí an scéil ar aghaidh i bpictiúr a ceathair. Chuir na múinteoirí glao ar thuismitheoirí na ndéagóirí. Eagraíodh cruinniú idir na tuismitheoirí, na scoláirí agus an Príomhoide. Ní mó ná sásta a bhí siad.

An mhaidin dár gcionn bhí ar na daltaí agus a dtuismitheoirí teacht chuig oifig an phríomhoide. Feicimid Liam sa phictiúr agus bhí cuma an-bhrónach air. Gheall sé di nach dtarlódh sé sin arís. Is léir go raibh na daoine eile sa seomra feithimh agus bhí cuma neirbhíseach agus míshásta orthu. Bhí crith cos agus lámh ar na scoláirí roimh an gcruinniú agus bhí náire an domhain ar na tuismitheoirí.

Críochnaíonn an scéal ar nóta diúltach. Feicimid toradh an scéil i bpictiúr a sé. Mar phionós bhí coinneáil istigh ag na daltaí. Bhí ar na daltaí fanacht tar éis scoile le hobair bhreise a dhéanamh. Bhí an seomra chomh ciúin le reilig. Ba léir gur fhoghlaim siad go léir ceacht. “Is í an chiall cheannaithe an chiall is fearr” mar a deirtear agus is fíor é sin sa chás seo.

Teideal na sraithe seo ná: Cluiche Nua Ríomhaireachta: Taitneamh agus Trioblóid

1)Leagtar síos bunchlocha an scéil sa chéad phictiúr le Liam suite ar a sháimhín só ag féachaint ar an teilifís. Is léir go raibh sé tuirseach, traochta, tar éis lá fada ar scoil. Feictear go raibh a mhála scoile caite ar an mbord in aice leis. A sé a chlog a bhí ann agus tá sé soiléir nach raibh aon fhonn oibre air.

2) Forbraítear an scéal i bpictiúr a dó nuair a bhuail fón póca Liam. Is léir go raibh teachtaireacht seolta ag a chara Eoghan chuige. Dúirt Eoghan go raibh cluiche nua ríomhaire ceannaithe aige. Thug sé cuireadh do Liam teacht chuig a theach chun é a imirt.

3) Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh i bpictiúr a trí. D’fhéach Liam ar an am agus ansin d’fhéach sé ar a mhála scoile. Bhí sé idir dhá chomhairle. Rinne sé cinneadh an obair bhaile a chur ar an méar fhada. d’Imigh sé chuig teach Eoghain ar luas lasrach. Bhí sé ar bís faoin gcluiche nua.

4) I bpictiúr a ceathair, chaith Liam agus Eoghan dhá uair ag imirt ar an gcluiche ríomhaire nua. Táim ag ceapadh go raibh ocras an domhain orthu chomh maith mar d’ith siad píotsa. Is léir go raibh siad ar mhuin na muice agus bhí dearmad glan déanta ag Liam ar an obair bhaile a bhí aige.

5) Sroichtear buaicphointe an scéil i bpictiúr a cúig. Go tobann, bhuail fón póca Liam. Ghlaoigh a mháthair air. Bhí sí ar dearg buile! D’fhiafraigh sí de Liam an raibh an obair bhaile déanta aige. Ní mó ná sásta a bhí sí nuair a dúirt sé nach raibh. Chuir sé ceist uirthi an raibh cead aige fanacht i dteach Eoghain cúig nóiméad eile ach dúirt sí leis teacht abhaile ar an bpointe boise. Bhí díomá ar Liam.

6) Críochnaíonn an scéal ar nóta diúltach. Thug a thuismitheoirí íde na muc is na madraí do Liam nuair a tháinig sé abhaile. Is léir go raibh sé a leathuair tar éis a naoi ag an bpointe seo.
Tosaigh Liam ag tabhairt faoin obair bhaile lena thuistí seasta taobh leis. “Is í an chiall cheannaithe an chiall is fearr” mar a deirtear agus is fíor é sin sa chás seo.

Like this article?