
An tSraith Pictiúr: Cuairt ar Aintín i Nua-Eabhrac
Ábhar: Mé Féin
Spotify:
iTunes:
Cuairt ar Aintín i Nua‐Eabhrac
- Teideal na sraithe seo ná “Cuairt ar Aintín i Nua-Eabhrac”. Leagtar síos bunchlocha an scéil sa chéad phictiúr le Roisín agus a Mam ina suí os comhar na teilifíse. Tá sé soiléir ón bpictiúr go raibh siad ag féachaint ar an gcrannchur náisiúnta. Ansin fuair siad geit ollmhór nuair tháinig a n-uimhreacha suas. An gcreidfeá é? Is dócha go raibh ionadh an domhain ar an mbeirt acu.
- Forbraítear an scéal sa dara pictiúir agus rug Roisín ar a fón póca. Chomh tapa agus is féidir léi, sheol sí teachtaireacht chuig a haintín Deirdre i Nua-Eabhrac ag insint an scéil di. Bhí ríméad ar aintín Deirdre chomh maith. Is léir go raibh sí ina hárasán le radharc álainn ar na foirgnimh cáiliúil i Nua-Eabhrac nuair a fuair sí an nuacht iontach seo.
- Ón bhfianaise sa tríú pictiúr, thosaigh Roisín agus a Mam ag smaoineamh ar na féidearthachtaí a bhí acu ansin. Phléigh siad faoi airgead a thabhairt do Thrócaire, labhair siad faoi theach nua le linn snámha a cheannach ach ar deireadh roghnaigh siad dul go Nua-Eabhrac chun cuairt a thabhair ar aintín Deirdre. Bhí siad ar bís faoin turas.
- Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh i bpictiúr a ceathair. Chuaigh Roisín agus a mam ar eitleán Aerlingus go Nua-Eabhrac. Nuair a shroich siad aerfort JFK bhí aintín Deirdre ann ag fanacht leo. Léim sí le háthas nuair a chonaic sí a deirfiúr agus a neacht ag teacht agus dúirt sí go raibh lúcháir uirthi.
- Tá dhá chuid de phictiúr a cúig. Sa chéad leath, feictear an triúr ag ithe béile blasta san árasán. Bhí caint agus comhrá iontach acu faoi na rudaí atá le déanamh i Nua-Eabhrac. Sa dara leath chuaigh siad amach ag spaisteoireacht sa chathair. Shiúil siad timpeall Broadway agus dúirt Roisín go raibh an áit dochreidte ar fad.
- Críochnaíonn an scéal ar nóta dearfach. Bheartaigh siad dul ar turas timpeall na cathrach. Shuigh siad ar bhus le barr oscailte agus chonaic siad na radharcanna go léir. Ina dhiaidh sin, chuaigh siad ag siopadóireacht sa siopa cáiliúil Macy’s agus fuair siad éadaí galánta. Is léir go raibh turas iontach acu. Mar a deir an seanfhocal, “bíonn an siúlach scéalach”


